Wednesday 30 March 2016

Gaelbhratach

An Ghaelbhratach


An bhliain seo, táimíd ag déanamh iarracht iontach gaeilge a úsáid comh minic agus is féidir linn i rith an lá scoile. Táimíd ag glacadh páirt sa scéim ghaelbhratach agus bíonn a lán imeachtaí ar siúl againn. Bímíd ag foghlaim rainn agus amhráin, ag déanamh beannachtaí as gaeilge agus an baint taitneamh as cluichí teanga, cluichí clóis agus rudaí mar sin. Mar a deir an seanfhocal "Beatha teanga, í a labhairt" !

Tá coiste gaelbhratach againn sa scoil le páistí ón gach rang. Is iad Shauna, Cáit, Kayleigh, Jack, Clódagh, Patrick, Fionn, Dylan, Lilly, Finn, Leo, Sarah, Henry agus Abigail na páistí atá ar an gcoiste. Bíonn siad ag obair go dian chun smaoineamh ar smaointe éagsúla a dhéanamh chun gaeilge a spreagadh sa scoil. Seo iad cúpla pictiúirí den rudaí a rinneamar suas go dtí seo i rith an bhliain. 

Gaeilge 24

Bhí lá gaeilge againn i mí Samhain. Fuair gach páiste t-léine gorm, banda láimhe agus greamáin. Rinneamar iarracht gaeilge labhartha a úsáid i rith an lae. Bhí lá iontach againn. D'imríomar cluichí teanga ar maidin, rinneamar balún corcra, chanamar rainn agus amhráin agus bhí tráth na gceist ag ranganna 3,4,5 agus 6.

Bhí tionól mór againn sa halla. Chanamar rainn agus amhráin le chéile. Bhí taispeántais ag Naíonáin bheaga agus rang a trí agus a ceathar. Chanamar '99 bliain ó chuireadh síol' le chéile.



Rinne cúpla cailíní damhsa ghaelach sa halla freisin. Maith sibh!


Rinne gach dalta sa scoil balún corcra don lá. Chuireamar iad suas timpeall na scoile don lá gaeilge 24. 



Comórtas Ealaíne

Bhí comórtas Ealaíne againn i Mí Eanair. Bhí ar páistí seanfhocal a tharraingt agus a dathú. An seanfhocal a roghnaíomar ná "Is fearr gaeilge briste ná béarla cliste". Seo iad na buaiteoirí sa phictiúr seo. Maith sibh!



Óglaigh na hEireann

Tháinig Óglaigh na hÉireann go dtí an scoil i Mí Eanair freisin. D'fhoghlamar Amhráin na bhFiann agus rinneamar go léir bratacha na hEirinn don lá. Bhí tionól mór againn sa halla agus chanamar Amhráin na bhFiann le chéile. 


Drámaíocht agus scéalaíocht

Bímíd ag déanamh a lán scéalaíocht agus drámaíocht i rith na ceachtaí gaeilge. Seo iad Naíonáin bheaga tar éis iad a dhéanamh dráma den scéal 'An Tornapa Mór' i mí feabhra. Bhain siad a lán taitneamh as a bheith ag úsáid na puipéidí. 


Gaeilge sa timpeallacht


Tá a lán Gaeilge timpeall na scoile againn anois. I Mí Feabhra, rinne an coiste ghaelbhratach Féilire don halla. Chuireamar suas sa halla é. Athraíonn páistí é gach lá, Chomh maith le sin, chuireamar suas frásaí éagasúla, ceisteanna, agus píosa comhrá suas fréisin.



Seachtain na Gaeilge

Rinneamar a lán imeachtaí taitneamhach i rith seachtain na gaeilge an bhliain seo. Am ghnóthach ab ea é ach rinne gach duine iarracht iontach. Bhí a lán imeachtaí ar siúl mar shampla, rainn agus amhráin gach lá, cluichí teanga, scéalaíocht, drámaíócht, tráth na gceist, gúrú na gaeilge, fiséan gaeilge, tionól sa halla, ceilí sa clóis, cluichí clóis agus rudaí mar sin. Bhí sé ar fheabhas!

Céilí sa clóis


Lá Glás


Amhráin na bhFiann


Tionól sa chlóis


Drámaíocht le na Naíonáin


Aistear trí Gaeilge